Acmhainní FAQ
___________________________________________
Ceist 1.
Rinne mé iarracht an cluiche Péirí a imirt. Nuair a dhéanaim cliceáil ar an bpicitúr chun an cluiche a thosnú, níl aon rud le feiceáil.
Cad a dhéanfaidh mé anois?
Freagra 1.
Chun an cluiche Péirí a imirt, caithfidh an bogearra 'Flash' a bheith ar do ríomhaire roimhré.
Níl costas ar an mbogearra seo (Flash), agus tá sé ar fáil ar an CD féin. Téigh go dtí an rannóg Bogearraí agus feicfidh tú Flash.
Cliceáil ar an íomhá (icon) agus lean na treoracha. As seo amach oibreoidh an cluiche, agus gach cluiche eile cruthaithe le 'Flash'
___________________________________________
Ceist 2.
Tá na ceachtanna sa réimse 'Ceachtanna Hot Potatoes' go hiontach! An féidir liom a mhacasamhail a chruthú? An bhfuil an bogearra daor?
Freagra 2.
Tá an t-ádh leat! Ní amháin go bhfuil an bogearra éasca a úsáid, tá sé saor in aisce agus ar fáil ar an CD féin!
Beidh tú in ann Hot Potatoes a chur ar do ríomhaire agus é a úsáid ach, chun níos mó ná trí cheist a chruthú i gceacht, beidh ort clarú ar shuíomh Hot Potatoes. Níl aon chostas i gceist agus seolfaidh siad uimhir chláraithe chugat gan mhoill. Is é seoladh an suímh ná: http://web.uvic.ca/hrd/halfbaked/
___________________________________________
Ceist 3.
I'm trying to view the video tutorials but when I click on them, nothing happens!
Freagra 3.
The video tutorials are constructed with a special piece of software which need a 'driver' before they will run correctly. This will take no more than 10 seconds: Simply click on the link "TSCC Driver" in the Bogearraí section, click open, install and OK and you should have no further problems. Remember that to play video, you also need an up-to-date version of Windows Media player, or similar (RealPlayer etc.)
___________________________________________
Ceist 4.
I Hot Potatoes, nuair a chruthaím ceachtanna, oibríonn siad gan stró, ach tá na treoracha agus teachtaireachtaí go léir i mBéarla. Bheadh sé go hiontach dá mbeinn in ann na teachtaireachtaí seo a aistriú go Gaeilge. An bhfuil aon bhealach chun an fhadhb seo a réiteach?
Freagra 4.
Tá. Tá na teachtaireachtaí seo go léir le fáil i nGaeilge i gcomhad sa rannóg 'Bogearraí'. Chun an comhad seo a úsáid i Hot Potatoes, caithfidh tú na treoracha ar an CD a leanúint (ar fáil ar an leathanach 'Bogearraí Cruthaitheacha'). Tar éis na treoracha a leanúint, feicfear na teachtaireachtaí uile as Gaeilge!









