NCTE logo

top left image top right image

Best viewed in your Web browser SID2010

Fáilte chuig an nuachtlitir speisialta seo ón NCTE!

Beidh Lá an Idirlín Shábháilte ar siúl ar fud an domhain ar Dé Máirt 7 Feabhra. Ócáid bhliantúil is ea é a spreagann go háirithe páistí agus daoine óga chun úsáid níos sábháilte níos freagraí a bhaint as an idirlíon agus as gutháin phóca.

Naisc Idir Glúine a Chruthú an téama a bheidh ar Lá an Idirlín Shábháilte 2012 agus is é an sluán a bheidh air ná Cuirigí aithne ar an Idirlíon le chéile ….go slán sábháilte!

Ba mhaith le tionscnamh Sábháilteacht Idirlín an NCTE cabhrú leat an Lá a cheiliúradh. Lean ort ag léamh chun teacht ar mholtaí le haghaidh gníomhaíochtaí agus ócáidí a d’fhéadfaí a chur ar siúl i do scoil, sa seomra ranga agus sa bhaile chun a bheith rannpháirteach san ócáid dhomhanda seo agus chun an lá a cheiliúradh. Caith súil leis, ar na físeáin Cad é Lá an Idirlín Shábháilte agus SID 2012 agus ar na físeáin Webwise do thuismitheoirí a chuireann an NCTE ar fáil, chomh maith.

Facebook Like Button Tweet Button

Webwise: Seoladh Acmhainní Bunscoile Webwise

Lámhleabhar Webwise do Mhúinteoirí Bunscoile

internet safety imageSheol an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige, Frances Fitzgerald TD The Webwise Primary Teachers’ Handbook (Lámhleabhar Webwise do Mhúinteoirí Bunscoile) ar an 6 Feabhra, an oíche roimh Lá an Idirlín Shábháilte, i mBunscoil Naomh Bhríd, Bóthar Haddington, i mBaile Átha Cliath.

Cuireadh an Lámhleabhar seo le chéile do mhúinteoirí bunscoile a bhfuil i gceist acu sábháilteacht idirlín a fhí isteach ina gcuid mhúinteoireachta mar chuid den gcuraclam Oideachais Shóisialta, Phearsanta agus Sláinte (OSPS).

Tuilleadh top arrow

Clár Bunscoile an Gharda Shíochána: An Pacáiste ‘Meas a Léiriú i gCumarsáid Ar Líne’

internet safety imageIna theannta sin sheol coimisinéir na nGardaí, Martin Callinan, Respectful Communication Online Pack (an Pacáiste do Bhunscoileanna Meas a Léiriú i gCumarsáid Ar Líne) de chuid an Gharda Shíochána ar an 6 Feabhra i mBunscoil Naomh Bhríd, Bóthar Haddington, Baile Átha Cliath. Is é atá i gceist leis an bPacáiste seo ná seachadadh an Chláir Webwise do Bhunscoileanna a chomhlánú.

Is é is cuspóir don gclár Meas a Léiriú i gCumarsáid Ar Líne ná tuiscint bháúil i leith daoine eile a chothú nuair a bhítear ar líne nó ag úsáid gutháin phóca, agus scileanna a thabhairt do na páistí a chabhraíonn leo bulaíocht téacs agus cibearbhulaíocht a láimhseáil go héifeachtach. Cuirfidh sé scileanna sóisialta na bpáistí chun cinn ó thaobh cumarsáide, comhoibrithe agus réiteach coinbhleachta de.

Tuilleadh top arrow

NCTE: Cúrsa Sábháilteacht Idirlín saor in aisce do mhúinteoirí

CPD imageMar chabhair chun Lá an Idirlín Shábháilte 2012 a cheiliúradh tá gearrchúrsa ar líne dar teideal, Internet Safety in School & Classroom (Sábháilteacht Idirlín ar Scoil & sa Seomra Ranga), curtha ar fáil do mhúinteoirí go sealadach ag NCTE learning online gan iarraidh orthu clárú.

Nach bhfuil fonn ort súil a chaitheamh ar an gcúrsa seo agus ar na cúrsaí ar líne eile atá ar fáil saor in aisce ar NCTE learning online?

Nóta: Dúnfar clárú i gcomhair an chúrsa Developing e-Learning in your School (Primary) (An r-fhoghlaim a fhorbairt i do Scoil (Bunscoil) gan ró-mhoill. Ní mór Cuntas Múinteora Scoilnet a bheith agat chun clárú.

Tuilleadh Back to top

Webwise: Saorálaithe ón Tionscal ag tabhairt Cainteanna i gClár na Scoileanna

internet safety imageTabharfaidh saorálaithe ó Mhicrosoft, UPC agus ó O2 cuairteanna ar bhreis is 15,000 daltaí bunscoile ar fud na hÉireann chun Sábháilteacht Idirlín a chur chun cinn agus chun daltaí agus múinteoirí a spreagadh le ‘Aithne a chur ar an domhan digiteach le chéile…go sábháilte!’ ar son Lá an Idirlín Shábháilte.

Tuilleadh top arrow

Webwise: Ceardlanna do Thuismitheoirí

internet safety imageCuirfear Ceardlanna ar mhaithe le hIdirlíon níos Sábháilte ar siúl ag oiliúnóirí Bunscoile de chuid Chomhairle na dTuismitheoirí i mbaill éagsúla ar fud na tíre d’fhonn cabhrú le tuismitheoirí a bheith cliste maidir le cúrsaí idirlín. Réachtáilfear na ceardlanna mar chuid d’imeachtaí Lá an Idirlín Shábháilte 2012.

 

Tuilleadh top arrow

Webwise: Fógrán a thabharfaidh Leideanna do Mhúinteoirí

internet safety imageMar chuid d’imeachtaí Lá an Idirlín Shábháilte 2012 foilseoidh an Painéal Óige Webwise “Leideanna do Mhúinteoirí ó Dhaltaí a úsáideann Facebook”. Tugann an Painéal Óige Webwise moltaí maidir le cosaint príobháideachta, comhroinnt eolais a rialú agus socruithe a rialú a thugann cead d’úsáideoirí eile tú a aimsiú agus tú i mbun líonraithe shóisialta.

Tuilleadh top arrow

Ócáid Ardmhéara Bhaile Átha Cliath ar Lá an Idirlín Shábháilte

SID imageBeidh Ardmhéara Bhaile Átha Cliath, an Comhairleoir Andrew Montague, ina óstach do sheoladh na gearrthuairisce agus na díospóireachta painéil “Irish Kids Online: Youth and Parent Perspectives” (Leanaí na hÉireann ar líne: Peirspeictíochtaí daoine óga agus tuismitheoirí). Beidh an seoladh ar siúl inniu, 7 Feabhra, in Ionad Ché an Adhmaid, Oifií Sibhialta Bhaile Átha Cliath 8 mar chuid d’imeachtaí Lá an Idirlín Shábháilte.

I ndiaidh an tseolta pléifidh tuismitheoirí agus daoine óga i ndíospóireacht phainéil slite ina bhféadfaidh teaghlaigh oibriú le chéile chun cabhrú lena chéile aithne a chur ar an idirlín go sábháilte.

Tuilleadh top arrow

Webwise Families - Déanaigí teagmháil, Déanaigí naisc, Téigí i mbun Cluiche!

internet safety imageConas a fhéadfaidh tuismitheoirí nasc a dhéanamh lena bpáistí agus lena ndéagóirí faoi ábhar na Sábháilteachta Idirín? Ní deacair é! Bíodh craic agaibh le chéile ar líne. Bígí ag caint le bhur bpáistí, agus déanaigí teagmháil agus naisc leo le linn a bheith ag foghlaim scileanna nua agus spraoi a bheith agaibh le chéile.

Tiocfaidh tú ar mholtaí le haghaidh gníomhaíochtaí a bhféadfaidh sibh tabhairt fúthú le do pháiste chun Lá an Idirlín Shábháilte a cheiliúradh ar an leathanach seo.

Tuilleadh top arrow

Webwise: Acmhainní Bunscoile le haghaidh Lá an Idirlín Shábháilte

primary imageTá pleananna ceachta le haghaidh sábháilteacht idirlín agus nótaí múinteora do mhúinteoirí bunscoile chomh maith le smaointe iontachta chun an scoil a réiteach do Lá an Idirlín Shábháilte ar fáil anseo.

Tuilleadh top arrow

Webwise: Acmhainní Iarbhunscoile le haghaidh Lá an Idirlín Shábháilte

world imageTá leathanaigh gníomhaíochta, leathanaigh oibre, póstéir agus stiallchartúin faoi ábhair ar nós chibirbhulaíocht agus faoi chosaint eolais phearsanta ar líne ar fáil do mhúinteoirí. Spreag an scoil ar fad chun a bheith rannpháirteach i saol níos sábháilte ar líne a bhaint amach!

Tuilleadh Back to top

Webwise on Facebook and Twitter

facebook imageForbraíodh Webwise ar Facebook chun tacú le tuismitheoirí dul i mbun cainte lena bpáistí faoina bhfuil ar siúl acu ar líne. Tá Webwise ar Twitter chomh maith. Bí cinnte go leanfaidh tú @Webwise_Ireland chun go bhfeice tú cad atá ar siúl ag múinteoirí agus ag scoileanna chun Lá an Idirlín Shábháilte a cheiliúradh.

webwise imageCoinnigh bord ar bord trí cuairteanna a thabhairt ar Webwise arb é an tIonad um Fheasacht ar Idirlíon Sábháilte in Éirinn agus ball de Líonra Insafe an AE é. Aimsigh tuilleadh acmhainní do Lá an Idirlín Shábháilte i scoileanna agus lean feachtas domhanda an Choimisiúin Eorpaigh le haghaidh Lá an Idirlín Shábháilte ag #SID2012.

Cuir daoine eile ar an eolas faoin Nuachtlitir seo

forward email An bhfuil aithne agat ar dhuine éigin a chuirfeadh suim sa Nuachtlitir r-phoist seo, b’fhéidir?

Cén fáth nach seolfá ar aghaidh chuig cara é? Ní gá duit ach cliceáil ar an íomhá nó anseo >>

Cuimhnigh gur féidir leat clárú le haghaidh RSS Feed an NCTE, cuairt a thabhairt ar Nuacht ar líne nó ar leathanach Facebook an NCTE agus sinn a leanúint ar Twitter.

Eolas fúinn

qr codeTugann an tIonad Náisiúnta don Teicneolaíocht san Oideachas (NCTE) comhairle, tacaíocht agus eolas maidir le húsáid na teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (TFC) san oideachas.

Tuilleadh Back to top

Leagan Gaeilge