|
Fáilte chuig an nuachtlitir r-phoist ón NCTE.
Is é is cuspóir lenár nuachtlitir ná scéala agus eolas faoi TFC a chur ar fáil do Phríomhoidí, do mhúinteoirí comhordúcháin TFC, do mhúinteoirí agus dóibh siúd go léir a bhfuil baint acu le cúrsaí oideachais.

NCTE: Forbairt Ghairmiúil Leanúnach
Ná déan dearmad: Is féidir clárú anois le haghaidh Cúrsaí Ar Líne an NCTE
Cláraigh anois i gcúrsaí ar líne saor in aisce an NCTE do mhúinteoirí bunscoile agus iarbhunscoile:
An r-Fhoghlaim a fhorbairt i do Scoil (Iarbhunscoil)
Dátaí an chúrsa: 6 Feabhra – 9 Márta, 2012.
An r-Fhoghlaim a fhorbairt i do Scoil (Bunscoil)
Dátaí an chúrsa: 20 Feabhra – 23 Márta, 2012.
Beidh na cúrsaí ar siúl ar feadh cúig seachtaine agus tá siad oiriúnach do mhúinteoirí a bhfuil scileanna TFC ar an meánleibhéal acu. Beidh Uimhir Chláraithe na Comhairle Múinteoireachta agus Cuntas Scoilnet uait chun clárú. Tá teorainn ar an líon áiteanna atá ar fáil.
Tuilleadh Eolais 
Sceideal an Earraigh le haghaidh cúrsaí duine le duine atá á maoiniú ag an NCTE
Tá sceideal nua an earraigh le haghaidh cúrsaí a thosóidh i mí Eanáir agus i mí Feabhra foilsithe ar shuíomh idirlín an NCTE. Tá na sonraí go léir maidir leis an gcúrsa agus na n-ionad ar fáil ar an suíomh. Déan teagmháil leis an ionad Oideachais i do cheantar chun áit a chur in áirithe. Cuirtear cúrsaí nua leis an sceideal go tráthrialta, mar sin fill ar an suíomh níos déanaí mura bhfeiceann tú an rud atá bhí uait ar dtús.
Tuilleadh Eolais 
Oiliúint Scoile Uile do Mhúinteoirí Bunscoile sa Samhradh
Seo é an t-am ceart chun do mhachnamh a dhéanamh ar iarratas a chur isteach ar oiliúint scoile uile a reáchtáilfidh an NCTE i do scoil duit féin agus do do chomh-mhúinteoirí, oiliúint a bheidh á maoiniú ag an NCTE. Déan teagmháil leis an ionad oideachais i do cheantar ar dtús chun oiliúint scoile uile lánmhaoinithe ar TFC i dteagasc agus i bhfoghlaim ón NCTE a lorg, é sin, nó cuir isteach foirm iarratais ar oiliúint scoile uile chuig d’ionad oideachais áitiúil (ar fáil tríd an nasc ‘Tuilleadh eolais thíos).
Beidh na cúrsaí seo a leanas do bhunscoileanna ar fáil i samhradh 2012:
NCTE: Úsáid a bhaint as an gclár bán idirghníomhach chun tacú le litearthacht
NCTE: Acmhainní TFC a chruthú agus a úsáid ar mhaithe le litearthacht
Ina dteannta sin cuirfear cúrsaí NCTE nua ar fáil leis, trí Scratch, ar TFC do sheomra ranga na naíonán agus le haghaidh forbairt litearthachta.
Cliceáil chun tuilleadh eolais a fháil ar chlár an oiliúint scoile uile de chuid an NCTE.
Tuilleadh eolais 
NCTE: Webwise - Lá an Idirlín Shábháilte 2012
Is cuid d’fheachtas domhanda é Lá an Idirlín Shábháilte chun idirlíon níos sábháilte a chur chun cinn do gach úsáideoir agus go háirithe do dhaoine óga. Ceiliúrfar Lá an Idirlín Shábháilte an t-ochtú uair ar an 7ú Feabhra 2012 i mórán tíortha ar fud an domhain, Éire ina measc. Tá moltaí le haghaidh gníomhaíochtaí agus imeachtaí ag Webwise a d’fhéadfá a chur ar siúl i do scoil nó sa seomra ranga chun páirt a ghlacadh i Lá an Idirlín Shábháilte 2012.
Tabhair cuairt ar an suíomh 
NCTE: Scoilnet
An bhfuil Aip ar fáil dó?
Deirtear linn go bhfuil Aip ar fáil do mhórchuid rudaí ach an raibh a fhios agat go bhfuil Aipeanna Scagaire Teaghlaigh ar fáil chun cabhrú leat do leanbh a choimeád sábháilte ar líne? Tá alt suimiúil curtha le chéile ag Scoilnet ar an ábhar seo.
Tuilleadh eolais 
Téamaí - Stair, Eolaíocht agus Tíreolaíocht
Forbraíodh acmhainní éagsúla ar Scoilnet atá oiriúnach do Ghaelscoileanna agus Scoileanna Gaeltachta. Nach gcaithfeá súil orthu inniu?
Tabhair cuairt ar Scoilnet 
Léarscáileanna Scoilnet — Deireadh le Seirbhís
Is ábhar bróin dúinn é a chur in iúl daoibh nach mbeidh seirbhís léarscáileanna Scoilnet ar fáil a thuilleadh ón 4 Feabhra 2012 ar aghaidh. Beidh Scoilnet ag obair chun na léarscáileanna uaslódáilte a aistriú chuig príomhláithreán Scoilnet.ie sna míonna amach romhainn.
Tuilleadh eolais 
Cuimhnigh ar Scoilnet a leanúint ar Twitter!
NCTE: e-Links
Ba mhaith le foireann e-Links fáilte ar ais a chur roimh na múinteoirí comhordúcháin TFC sna hiarbhunscoileanna. Táimid ag súil le bheith ag obair libh arís an téarma seo. Bíonn na e-Links á dtabhairt cothrom le dáta againn de shíor. Más mian leat go ndéanfaí tuilleadh cíoradh ar réimsí áirithe sa phobal cleachtais seo luaigh iad sa bhfóram ar líne, le do thoil. Más múinteoir comhordúcháin TFC tú nach bhfuil linn go fóill, íoslódáil agus comhlánaigh an Fhoirm Chláraithe, le do thoil, agus seol ar ais chugainn í, le do thoil.
Tabhair cuairt ar e-Links 
NCTE: Teicneolaíocht
Tacaíocht Theicniúil
Cuirtear na hacmhainní sa chuid seo de shuíomh an NCTE ar fáil mar chúnamh do scoileanna chun cabhrú le múinteoirí tuiscint níos fearr a chur ar sholáthar Tacaíochta Teicniúla sa scoil agus chun bainistíocht níos fearr a dhéanamh ar an soláthar seo.
Tuilleadh eolais 
NCTE: Pleanáil
An Lámhleabhar r-Fhoghlama
I Lámhleabhar r-Fhoghlama an NCTE tugtar beac-chuntas ar phróiseas pleanála r-Fhoghlama i do scoil agus cuirtear treoir céim ar chéim ar fáil d’fhorbairt Plean r-Fhoghlama na scoile. Sa Lámhleabhar mínítear príomhfheidhmeanna agus príomhdualgais na ndaoine a bhfuil baint acu le forbairt an phlean.
Tuilleadh eolais 
Tuilleadh ón NCTE
Comhdháil Cumann um Ríomhairí san Oideachas (CESI) 2012
Beidh comhdháil bhliantúil an Chumainn um Ríomhairí san Oideachas ar siúl i bPort Laoise ar an 24 agus 25 Feabhra 2012. Is é an téama a phléifear i mbliana ná TEACHnology: teagasc agus teicneolaíocht a chumasc i scoileanna. Arna thacú ag an NCTE.
Tuilleadh eolais 
Nuacht eile
Bí cinnte go léifidh tú ár Nuacht Idirnáisiúnta, Nuacht faoi Chomórtaisí agus Naisc Idirlín Áisiúla ar líne.
Cuir daoine eile ar an eolas faoin Nuachtlitir seo
An bhfuil aithne agat ar dhuine éigin a chuirfeadh suim sa Nuachtlitir r-phoist seo, b’fhéidir? Cén fáth nach seolfá ar aghaidh chuig cara é? Ní gá duit ach cliceáil ar an íomhá nó anseo>>
Cuimhnigh gur féidir leat clárú le haghaidh Fotha RSS an NCTE, cuairt a thabhairt ar Nuacht ar líne an NCTE nó sinn a leanúint ar Twitter.
Eolas Fúinn
Tugann an tIonad Náisiúnta don Teicneolaíocht san Oideachas (NCTE) comhairle, tacaíocht agus eolas maidir le húsáid na teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (TFC) san oideachas.
Tuilleadh eolais |