Bearla link Leagan Gaeilge link

Meitheamh 2011

Fáilte chuig Nuachtlitir ríomhphoist ón NCTE.

Is é is cuspóir lenár nuachtlitir ná scéala agus eolas faoi TFC a chur ar fáil do Phríomhoidí, do mhúinteoirí comhordúcháin TFC, do mhúinteoirí agus dóibh siúd go léir a bhfuil baint acu le cúrsaí oideachais.

Seo nuachtlitir dheireanach na scoilbhliana. Bí cinnte áfach, go dtabharfaidh tú cuairt ar Nuachtlitir Ar líne an NCTE agus ar Twitter le linn mí Iúil agus mí Lúnasa chun an t-eolas is deireanaí a fháil.

Tá súil ag stiúrthóir agus foireann uile an NCTE go mbeidh sos taitneamhach agus faoiseamh agaibh i rith an tsamhraidh.

Facebook Like Button Tweet Button

NCTE: an Comhdháil 'Be ConnectED'

Be ConnectED imageBeidh Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath ina óstach ag an gcomhdháil International Diverse 2011. Beidh Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus an NCTE ina n-óstaigh ag lá Forbartha Gairmiúla i gcomhar le Diverse. ‘Be ConnectED’ an teideal a bheidh ar an lá a reáchtálfar sa Helix in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

TuilleadhBack to top

NCTE: Forbairt Ghairmiúil Leanúnach

Tá áiteanna ar Chúrsaí Samhraidh an NCTE ar fáil fós

CPD imageTá áiteanna ar fáil i gcónaí ar roinnt cúrsaí samhraidh de chuid an NCTE do mhúinteoirí bunscoile. Beidh na cúrsaí ar siúl in ionaid éagsúla timpeall na tíre. Beidh breis is 90 cúrsaí ar fáil a phléifidh Acmhainní TFC le haghaidh litearthacha a chruthú agus a úsáid  chomh maith le 18 gcúrsa eile atá dírithe ar TFC le haghaidh forbairt litearthachta agus uimhearthachta. Sna cúrsaí seo pléifear réimse teicneolaíochtaí agus feidhmchlár idir scannán i scoileanna agus chláir bhána idirghníomhacha. Déan teagmháil le d’Ionad Oideachais áitiúil chun áirithint a dhéanamh. Cuimhingh go ndéanann an NCTE maoiniú iomlán ar gach cúrsa NCTE, mar sin tá siad ar fáil saor in aisce do mhúinteoirí rannpháirteacha. Féach ar sceideal na gcúrsaí chun sonraí a fháil.

Tuilleadh Back to top

Cúrsa Samhraidh Ar líne an NCTE lán

CPD imageTá an cúrsa samhraidh ar líne Developing e-Learning in your School (Primary) de chuid an NCTE lán agus ní féidir clárú a thuilleadh. De bharr go raibh ró-éileamh ar an gcúrsa ní bheidh liosta feithimh againn. Cuirfear eolas ar fáil ar aon deiseanna Forbartha Gairmiúla Leanúnaí ar líne a d’fhéadfadh an NCTE a chur ar siúl i gcaitheamh na scoilbhliana seo chugainn ar www.ncte.ie/onlinecourses agus i  nuachtlitir an NCTE .

NCTE: FÍS - Gearr! Tá sé in am tabhairt faoi eagarthóireacht

FIS image Tá spriocdháta le haghaidh iontrálacha na Féile Scannáin FÍS chugainn gan mhoill. Bígí cinnte go dtabharfaidh sibh faoin eagarthóireacht anois i dtreo go mbeidh bhur n-iontráil ullamh in am! Cloígí leis an modheolaíocht FÍS mar is maith is fiú é agus níl sé chomh deachair mar a shílfeá in aon chor!

Tuilleadh Back to top

NCTE: e-Links

elinks imageTá an samhradh romhainn agus ba mhaith le e-Links an deis seo a thapú chun a rá leis na múinteoirí comhordúcháin TFC go léir agus a gcomhghleacaithe in iarbhunscoileanna go bhfuil súil againn go mbeidh saoire bhreá thaitneamhach acu. Guímid rath ar bhur ndaltaí go léir leis, agus iad ag tabhairt faoi scrúduithe scoile agus stáit. Má tá aithne ag aoinne agaibh ar aon chomhordaitheoir TFC nach bhfuil ina bhall de e-Links go fóill, an dtabharfá an Nuachtlitir seo dó nó dí, le do thoil. Féadfaidh siad clárú le e-Links ach an Fhoirm seo a úsáid.

NCTE: Scoilnet

An tIonad um Nuálaíocht i Múineadh na Matamaitice

scoilnet imageLeagtar béim sa suíomh idirlín seo ar Shuíomh na Seachtaine de chuid Scoilnet é le déanaí, ar ghné phraiticiúil na matamaitice agus an bhaint atá aici le réitigh agus mínú a fháil ar fhadhbanna a castar orainn sa bhfíorshaol. Pléitear réimsí ar nós braille, dairteanna, an crannchur, meaisíní torthaí, rangú i spórt agus tuilleadh nach iad.

Léigh léirmheas Back to top

scoilnet imageDátaí agus Féilte i mí Mheithimh

Tá Lá Domhanda an Chomhshaoil, Grianstad an tSamhraidh agus Wimbledon ar na mór-ócáidí a bheidh ar siúl i mí an Mheithimh.

Tuilleadh Back to top

scoilnet imageLeathanach téama faoi Athchúrsáil

Beart uirlisí do mhúinteoirí ina bhfuil ceachtanna, tráthanna na gceist agus cluichí do lucht athchúrsála. Bí páirteach in athchúrsáil leis an ‘Be Free Recycling Team’!

Tuilleadh Back to top

Agus… ná déan dearmad Scoilnet a leanúint ar Twitter!twitter image

NCTE: Webwise - Sábháilteacht Idirlín

Webwise ar Facebook

facebook imageAr thug tú cuairt ar Webwise ar Facebook? Tá an acmhainn ar líne seo ar fáil chun cabhrú le tuismitheoirí páirt a ghlacadh sna nithe a bhíonn ar siúl ag a bpáistí ar líne.

Níl aon rud níos tábhachtaí a fhéadann tuismitheoirí a dhéanamh chun cabhrú lena bpáistí a bheith níos sábháilte ar líne ná an t-ábhar a phlé leo. Forbraíodh Webwise ar Facebook mar thacaíocht do thuismitheoirí chun tabhairt faoi labhairt lena bpáistí faoi na rudaí a bhíonn ar siúl acu ar líne.

Tabhair cuairt air Back to top

Tuilleadh ón NCTE

scoilnet imageMissionV - ar oscailt le haghaidh iarratas

Is féidir iarratas a chur isteach anois ar an gclár MissionV atá ag fáil tacaíochta ón NCTE. Cuirfear an clár i ngníomh i 20 bunscoil ar fud na tíre ó mhí Mheán Fómhair 2011 ar aghaidh.

Tuilleadh Back to top

Nuacht Eile

CESI DigiTeach

world iconSan alt DigiTeach is deireanaí, "Second Level Reform - Time and Tide", tugann John Hegarty tuairisc ar an gcomhdháil 're-imagining learning' a bhí ar siúl i Luimneach le déanaí. Léiríonn sé roinnt tuairimí atá aige ar athchóiriú an dara leibhéil agus faoin deis a ghabhann leis seo dóibh siúd atá ag féachaint le TFC a chomhtháthú i múineadh agus i bhfoghlaim.

Tuilleadh top arrow

PÁISTÍ* a saol agus an fhoghlaim a dhéanann siad

census icon Féadann tú do thuairim a chur in iúl i 100 focal nó níos lú faoin gcuspóir atá leis an mbunoideachas. Beidh an t-eolas seo á úsáid ag an NCCA chun é a chur i bhfeidhm ar na hathruithe a dhéanfaidh sé ar an gcuraclam bunoideachais. Is é teanga a mhúineadh i ranganna naíonán an chéad bheart a dhéanfar.

Tuilleadh top arrow

Tuilleadh nuachta

useful weblinks iconBí cinnte go bhféachfaidh tú ar ár Nuacht Idirnáisiúnta, Nuacht faoi Chomórtais agus ar ár Naisc idirlín áisiúla, lena n-áirítear eolas ar an Tuairisc Horizon, elearningeuropa.info, an seimineár gréasáin Teach.us, Tagxedo, Xperimania, Duaiseanna Medea Awards agus tuilleadh nach é!

Cuir daoine eile ar an eolas faoin Nuachtlitir seo

>forward email An bhfuil aithne agat ar dhuine éigin a chuirfeadh suim sa Nuachtlitir r-phoist seo, b’fhéidir?

Cén fáth nach seolfá ar aghaidh chuig cara é? Ní gá duit ach cliceáil ar an íomhá nó anseo>>

Cuimhnigh gur féidir leat clárú le haghaidh Fotha RSS an NCTE. Tabhair cuairt ar Nuachtlitir ar líne an NCTE nó lean sinn ar Twitter.

Eolas Fúinn

qr codeIs Gníomhaireacht de chuid Rialtas na hÉireann é an tIonad Náisiúnta don Teicneolaíocht san Oideachas a bunaíodh chun comhairle, tacaíocht agus faisnéis a chur ar fáil ar úsáid na teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (TFC) san oideachas.

Tuilleadh Back to top