Leagan Gaeilge link

Bealtaine 2011

Fáilte chuig nuachtlitir r-phoist ón NCTE.

Is é is cuspóir lenár nuachtlitir ná scéala agus eolas faoin TFC a chur ar fáil do Phríomhoidí, do mhúinteoirí comhordúcháin TFC, do mhúinteoirí agus dóibh siúd go léir a bhfuil baint acu le cúrsaí oideachais.

Facebook Like Button Tweet Button

NCTE: Forbairt Ghairmiúil Leanúnach

TFC & Mata – Cuid 2

CPD imageTá an cúrsa TFC & Mata - Cuid 2 ar fáil anois trí ghréasán na nIonad Oideachais Áitiúil. Cuireann sé ar chumas múinteoirí úsáid a bhaint as TFC agus bogearraí matamaitice chun tacú le Snáitheanna   3, 4 agus 5 de chuaclam matamaitice iarbhunscoile a mhúineadh. Ba í an Fhoireann Forbartha Tionscadail Mhata a chum an cúrsa i gcomhar leis an NCTE. Tá Vicí tacaíochta ag gabháil leis ina dtugtar solaoidí de TFC le haghaidh matamaitice lena n-áirítear úsáid teilgeoirí digiteacha, amharcléiritheoirí agus taispeántaí ina mínítear conas is féidir feidhmchláir agus trealamh TFC a úsáid mar áiseanna foghlama agus múinteoireachta.

Tuilleadh Back to top

Cúrsa Samhraidh ar líne

CPD imageIs féidir clárú anois le haghaidh an chúrsa ar líne saor in aisce seo de chuid an NCTE Developing e-Learning in your School (Primary) (An r-fhoghlaim a fhorbairt i do Scoil (Bunscoil)). Cuirfear an cúrsa ar fáil uair eile an samhradh seo agus tá gné liteartha ann an uair seo. Cúrsa fíor-idirghníomhach is ea é a mhaireann ar feadh 20 uaire. Tá sé bunaithe ar Phlean r-fhoghlama an NCTE agus beidh sé oiriúnach do gach múinteoir bunscoile. Tá scileanna TFC agus taithí ar an idirlíon a úsáid riachtanach chomh maith le nasc maith leathanbhanda idirlín.

Cláraigh anseo Back to top

Cúrsaí Samhraidh i do Scoil nó in Ionad Oideachais in aice leat

CPD imageBeidh an cúrsa samhraidh seo de chuid an NCTE Creating and Using ICT Resources for Literacy (Acmhainní TFC le haghaidh Litearthachta a Chruthú agus a Úsáid) ar fáil trí ghréasán na nIonad Oideachais Áitiúil. Déan teagmháil leis an ionad oideachais in aice leat chun teacht ar na sonraí. An bhfuil iarratas déanta ag do scoil ar an gcúrsa oiliúna scoile uile atá á mhaoiniú ag an NCTE? Reáchtálfar an cúrsa NCTE Using the Interactive Whiteboard to Support Literacy (Úsáid a bhaint as an gClár Bán Idirghníomhach chun Tacú le Litearthacht), do mhúinteoirí i 90 scoil ar fud na tíre.

NCTE: FÍS - Soilse | Ceamara | Ar aghaidh linn!

FIS image Tá sé in am duit do scéal a leagan amach agus a phleanáil d’Fhéile Scannáin Náisiúnta FÍS 2011! Lean an mhodheolaíocht FÍS mar is mór is fiú é agus níl sé deacair in aon chor! Bain triail as scannán a dhéanamh leis na páistí.

Tuilleadh Back to top

NCTE: Nuálaíocht

edchatie imageTá an-chuid plé déanta ar Twitter agus an Oideachas. Cuireadh tionscnamh iontach ar bun i mí Mhárta 2011 do lucht oideachais na hÉireann ar Twitter: #edchatie. Bíonn deis ag oideoirí bunscoile, iarbhunscoile agus ollscoile, mar aon le tuismitheoirí, teacht le chéile gach oíche Dé Luain ar Twitter chun ábhar a bhaineann le hOideachas in Éirinn a phlé le chéile. Tá sé bunaithe ar #edchat, tionscnamh Twitter a bhfuil ag éirí go hiontach leis ar fud an domhain.

Tuilleadh Back to top

NCTE: e-Links

elinks imageTá an téarma deireanach gairid agus tá na scrúdaithe roimh na daltaí iarbhunscoile ar fud na tíre.  Dá bhrí sin tá e-Links, pobal an chleachtais do Mhúinteoirí Comhordaithe TFC iarbhunscoile ag díriú ar a bhfuil le déanamh chun an bonneagar TFC a réiteach le haghaidh laethanta saoire an tsamhraidh. Iarrtar ar mhúinteoirí comhordaithe TFC na céimeanna a ghlacann siad an tráth seo den scoilbhliain a roinnt lena chéile. Más comhordaitheoir TFC tú molaimid duit dul isteach in e-Links agus páirt a ghlacadh sa chomhrá. Tá an fhoirm chlárúcháin anseo.

NCTE: Scoilnet

Comórtas Ciclipéid Britannica

EB imageTá comórtas do dhaltaí bunscoile á reáchtáil ag Ciclipéid Britannica agus Scoilnet ina dtugtar seans dóibh iPad 2 a bhuachtaint. Tá aon cheist amháin le plé sa chomórtas a bhaineann le cuairt Uachtaráin na SA, Barack Obama, go hÉirinn. Osclófar an comórtas Dé Luain an 16ú Bealtaine agus beidh sé ar siúl go dtí an 20ú lá den mhí seo.

Tuilleadh Back to top

scoilnet imageCuairteanna Stáit

Is le haghaidh gach leibhéal atá an leathanach seo mar gheall ar Chuairteanna Stáit na Banríona Eilís agus an Uachtaráin Obama ar Éirinn. Is dócha gur mar chuid d’OSSP, Stair agus OSIE Stair Bunscoile is mó a chuirtear suim sa leathanach seo.

Tuilleadh Back to top

titanic imageLeathanach téama an Titanic

An bhliain seo chugainn beidh 100 bliain thart ó chuaigh an long go tóin poill. Beidh an-éileamh ar an leathanach seo. Múinteoir i gCorcaigh a d’ullmhaigh na naisc seo.

Tuilleadh Back to top

native american imageLeathanach téama na Meiriceánach Dúchasach

Téarma cuardaigh a mbíonn a lán éilimh air de ghnáth i Scoilnet is ea na Meiriceánaigh Dhúchasacha. Mar seo is dócha go meallfaidh an leathanach seo mórán cuairteoirí.

Tuilleadh Back to top

Agus ná déan dearmad Scoilnet a leanúint ar Twitter!twitter image

NCTE: Webwise - Sábháilteacht Idirlín

Ar chóir deireadh a chur le srianta aoise ar Facebook?

internet safety imageMoltar i dtuarascáil nua ó EU Kids Online go gcuirfí deireadh le srianta aoise ar shuíomhanna líonraithe shóisialta.

Tuilleadh Back to top

Ag déileáil le Bréagphróifílí Facebook

facebook imageNí deacair próifíl Facebook a dhéanamh inar féidir le sealbhóir na próifíle ligint air gur duine eile é. Ní deacair iad a chur á dhúnadh ach an oiread.

Tuilleadh Back to top

Nuacht Eile

Cruinniú CESI: Earrach 2011

world iconBeidh an chéad Chruinniú CESI ar siúl Dé hAoine 13ú Bealtaine in IT Thiobrad Árainn i nDurlas. Beidh sé ina chuid den seachtú Comhdháil um TFC san Oideachas in Institiúid Thiobrad Árainn. Ina theannta seo tá an tAlt DigiTeach is deireanaí.

Tuilleadh top arrow

Comhdháil um TFC san Oideachas 2011

census icon Beidh Institiúid Thiobrad Árainn ina óstach ar an seachtú Comhdháil um TFC san Oideachas. Beidh sí ar siúl an Satharn seo, an 4ú Bealtaine. Is é téama na Comhdhála an bhlian seo ná Scéalaíocht san Oideachas.

Tuilleadh top arrow

Tuilleadh nuachta

useful weblinks iconBí cinnte go bhféachfaidh tú ar ár Nuacht Idirnáisiúnta, Nuacht faoi Chomórtais agus ar ár Naisc idirlín áisiúla, ina n-áirítear eolas ar Scientix agus eTwinning, ar an gComórtas Dathúcháin ISS do Scoileanna Náisiúnta, ar an gComórtas Físeáin Nóiméid, WatchKnow, Mata MangaHigh, Ceamara, EdTech2011 agus a lán eile!

Cuir daoine eile ar an eolas faoin Nuachtlitir seo

forward email An bhfuil aithne agat ar dhuine éigin a chuirfeadh suim sa Nuachtlitir r-phoist seo, b’fhéidir?

Cén fáth nach seolfá ar aghaidh chuig cara é? Ní gá duit ach cliceáil ar an íomhá nó anseo>>

Cuimhnigh gur féidir leat clárú le haghaidh Fotha RSS an NCTE. Tabhair cuairt ar Nuachtlitir ar líne an NCTE nó lean sinn ar Twitter.

Eolas Fúinn

qr codeIs Gníomhaireacht de chuid Rialtas na hÉireann é an tIonad Náisiúnta don Teicneolaíocht san Oideachas a bunaíodh chun comhairle, tacaíocht agus faisnéis a chur ar fáil ar úsáid na teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (TFC) san oideachas.

Tuilleadh Back to top