NCTE logo

top left image top right image

Samhain 2011

Moltar brabhsálaí idirlín a úsáid chun breathnú ar an nuachtlitir

Fáilte chuig an nuachtlitir r-phoist ón NCTE.

Is é is cuspóir lenár nuachtlitir ná scéala agus eolas faoi TFC a chur ar fáil do Phríomhoidí, do mhúinteoirí comhordúcháin TFC, do mhúinteoirí agus dóibh siúd go léir a bhfuil baint acu le cúrsaí oideachais.

Facebook Like Button Tweet Button

NCTE: Forbairt Ghairmiúil Leanúnach

TFC sa Bhunscoil

CPD imageAn múinteoir i mbunscoil lán-Ghaeilge nó i mbunscoil Ghaeltachta tú agus an bhfuil suim agat a fhoghlaim conas TFC a úsáid chun tacú le múineadh agus foghlaim trí mheán na Gaeilge? Tá cúrsa nua de chuid an NCTE ar fáil, TFC sa Bhunscoil. Pléifear ábhair ar nós acmhainní curaclaim atá ar fáil i nGaeilge a aimsiú ar líne, agus conas do chuid acmhainní féin a chruthú.

Tuilleadh eolaisBack to top

Cúrsaí ar líne

CPD imageTá clárú le haghaidh an dá chúrsa ar líne ar r-Fhoghlaim a fhorbairt i do Scoil de chuid an NCTE dúnta anois. De bharr go bhfuil an-chuid daoine ag léiriú suime iontu áfach, tá ar intinn ag an NCTE na cúrsaí seo a thairiscint arís go luath san athbhliain. Táthar ag súil go n-osclóidh clárú roimh Nollaig. Coinnigh súil ar shuíomh idirlín an NCTE mar sin, chun na sonraí a fháil.
Ar fáil go luath – cúrsaí ar líne nua de chuid an NCTE. Pléifear blaganna, podchraoltaí agus vicithe.

Tuilleadh eolaisBack to top

NCTE: Scoilnet

Seirbhís Óstáil Idirlín & Blagála

scoilnet imageTugann seirbhís blagála Scoilnet deis do scoileanna suíomh idirlín scoile nó blag scoile a chur le chéile go héasca. Déanfar an suíomh a óstáil saor in aisce faoin gclár leathanbhanda do scoileanna. Tá fotha de Shuíomhanna lín agus Blaganna de chuid Scoilnet a tugadh cothrom le dáta le déanaí ar fáil, chomh maith.

Tuilleadh eolaisBack to top

Scoilnet do Mhúinteoirí

scoilnet imageIs do mhúinteoirí bunscoile agus iarbhunscoile a rinneadh an treoir idirghníomhach seo faoin iliomad gnéithe atá ag Scoilnet. Cuimsíonn sé samplaí faoi threoir, físeáin taispeána agus moltaí faoi úsáid Scoilnet sa seomra ranga.

Féach airBack to top

Agus ná déan dearmad Scoilnet a leanúint ar Twitter!twitter image

NCTE: Webwise - Sábháilteacht Idirlín

Cinntigh go mbeidh do scoil ullamh i gcomhair Lá an Idirlín níos Sábháilte

IS imageCláraigh do scoil saor in aisce agus ullmhaigh í chun páirt a ghlacadh i Lá an Idirlín níos Sábháilte 2012. Beidh Lá an Idirlín níos Sábháilte ar siúl ar an 7 Feabhra 2012 agus féadfaidh tú do scoil a chlárú ar shuíomh idirlín Lá an Idirlín níos Sábháilte. Cuirfear trealamh an Lá Idirlín níos Sábháilte chuig scoileanna cláraithe i mí Eanáir 2012. Beidh eolas faoin Lá, ábhar fógraíochta, moltaí maidir le gníomhaíochtaí foghlama agus feasachta chomh maith le acmhainní r-Shábháilteachta san áireamh.

Is féidir lógó Lá an Idirlín níos Sábháilte (jpeg / high res zip) a íoslódáil anseo.

NCTE: Féile Scannáin FÍS

FIS image The Reáchtáladh Féile Scannáin FÍS 2011 ar an 16 Samhain 2011. Fuair ceithre scoil is fiche sa bhabhta ceannais  cuireadh chuig an ócáid san Helix i mBaile Átha Cliath. Beidh tuilleadh sonraí faoin bhféile ar shuíomh idirlín an NCTE go luath. Féach ar www.fisfestival.com leis, chun teacht ar acmhainní agus ar smaointe faoi scannán a dhéanamh. Ba chóir duit cuimhneamh leis, ar teagmháil a dhéanamh leis an ionad oideachais i do cheantar chun eolas faoi chúrsa a bhféadfá freastal air a fháil.

NCTE: Teicneolaíocht

Bileoga Comhairle

technology imageTá sraith bileoga comhairle faoi TFC curtha le chéile agus tugtha cothrom le dáta ag an NCTE. Pléitear réimse leathan ábhar iontu faoi TFC san oideachas. Is cabhair mhór iad go háirithe do scoileanna agus do mhúinteoirí.

Tuilleadh eolaisBack to top

NCTE: Pleanáil

An Plean Oibre r-Fhoghlama

planning imageUirlis pleanála is ea an Plean Oibre r-Fhoghlama atá deartha chun cabhrú le do scoil a fháil amach cad atá bainte amach aici cheana féin maidir le r-Fhoghlaim agus na réimsí tosaíochta i dtaobh le Forbairt r-Fhoghlama. Tá an Plean Oibre ar fáil i gcló agus is féidir é a íoslódáil anseo.

Tuilleadh eolaisBack to top

Nuacht eile

Comhdháil an Chumainn um Ríomhairí sa tSochaí 2012

chat iconBeidh comhdháil bhliantúil an Chumainn Éireannaigh um Ríomhairí sa tSochaí ar siúl i bPort Laoise an 24 agus 25 Feabhra 2012. Is é téama na comhdhála seo ná ‘TEACHnology: merging teaching and technology in schools’ (múineadh agus teicneolaíocht a chónascadh i scoileanna). Tá an glaoch ar thograí don gcomhdháil oscailte.

Tuilleadh eolaistop arrow

Tuilleadh nuachta

useful weblinks iconBí cinnte go léifidh tú ár Nuacht Idirnáisiúnta, Nuacht faoi Chomórtaisí agus Naisc Idirlín Áisiúla. Tá eolas ar fáil iontu ar an tSeachtain Eolaíochta, an nuachtlitir ar Ghnóthaí Oideachais (Education Matters), Líonra Seomra Ranga idir an Áis agus an Eoraip, an Fóram Foghlama Domhanda de chuid Chomhpháirtithe Microsoft, iomaitheoirí babhta ceannais na nDámhachtainí MEDEA, Doodle 4 Google agus an comórtas scéalaíochta ‘Tell The Future’.

Cuir daoine eile ar an eolas faoin Nuachtlitir seo

forward email An bhfuil aithne agat ar dhuine éigin a chuirfeadh suim sa Nuachtlitir r-phoist seo, b’fhéidir? Cén fáth nach seolfá ar aghaidh chuig cara é? Ní gá duit ach cliceáil ar an íomhá nó anseo>>

Cuimhnigh gur féidir leat clárú le haghaidh Fotha RSS an NCTE, cuairt a thabhairt ar Nuacht ar líne an NCTE nó sinn a leanúint ar Twitter.

Eolas Fúinn

qr codeTugann an tIonad Náisiúnta don Teicneolaíocht san Oideachas (NCTE) comhairle, tacaíocht agus eolas maidir le húsáid na teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (TFC) san oideachas.

Tuilleadh eolaisBack to top

Leagan Gaeilge