Deireadh Fómhair 2011 |
Moltar brabhsálaí idirlín a úsáid chun breathnú ar an nuachtlitir |
Fáilte chuig an nuachtlitir r-phoist ón NCTE.
Is é is cuspóir lenár nuachtlitir ná scéala agus eolas faoi TFC a chur ar fáil do Phríomhoidí, do mhúinteoirí comhordúcháin TFC, do mhúinteoirí agus dóibh siúd go léir a bhfuil baint acu le cúrsaí oideachais.

NCTE: Scoilnet
Comórtas do Mhúinteoirí
Tá Ciclipéid Britannica ag reáchtáil mórchomórtais náisiúnta do mhúinteoirí trí Scoilnet le linn mhí Dheireadh Fómhair. Beidh deis ag múinteoirí duaiseanna éagsúla a bhuachtaint dóibh féin agus dá scoileanna, iPad2 chomh maith le bogearraí agus crua-earraí ard-teicneolaíochta don seomra ranga le Promethean agus e-instruction san áireamh.
Chun páirt a ghlacadh sa chomórtas tugtar cuireadh do mhúinteoirí agus d’ábhair mhúinteora gníomhaíocht fhoghlama ar líne a chur isteach atá dírithe ar acmhainní idirghníomhacha ar líne de chuid Britannica a úsáid sa seomra ranga. Is cuma cén leibhéal, cén topaic nó cén ábhar a ndéantar an ghníomhaíocht dó ach ba chóir go léireodh sé cur chuige praticiúil cruthaitheach i leith úsáid na Ciclipéide sa seomra ranga.
Léigh leat 
Cuimhnigh ar Scoilnet a leanúint ar Twitter!
NCTE: Forbairt Ghairmiúil Leanúnach
Cúrsaí TFC nua
Tá dhá chúrsa nua TFC eisithe ag an NCTE. Tá siad ar fáil anois in ionaid oideachais. Tá an dá chúrsa oiriúnach dóibh siúd nach bhfuil ach beagán scileanna TFC acu agus tá sé dírithe ar litearthacht, uimhearthacht agus ar shainriachtanais oideachais. Is féidir na scileanna a fhoghlaimítear agus an t-ábhar a phléitear a úsáid ar chláir bhána idirghníomhacha, chomh maith. Lean na naisc seo a leanas chun sonraí a fháil:
Cuir eolas ar do Romhaire Glúine agus do Theilgeoir Digiteach
Acmhainní TFC a chruthú
Sceideal Cúrsaí an NCTE
Tá sceideal cúrsaí an fhómhair de chuid an NCTE foilsithe anois. Tugtar an sceideal seo cothrom le dáta go leanúnach, mar sin iarraimid ort súil a chaitheamh air go rialta. Déanann an NCTE lán-mhaoiniú ar gach cúrsa/cuirtear na cúrsaí ar fáil saor in aisce do mhúinteoirí atá ag freastal orthu. Déan teagmháil le d’ionad oideachais áitiúil chun áit a chur in áirithe.
Léigh leat 
NCTE: Webwise - Sábháilteacht Idirlín
Na 10 Síscéal is minice a instear faoi Shábháilteacht Ar Líne
D’fhoilsigh taighdeoirí liosta de na deich síscéal is minice a instear faoi shábháilteacht idirlín do pháistí chun a thaispeáint nach bhfuil an t-eolas atá ag mórán daoine ar na priacail ar líne suas chun dáta a thuilleadh.
Is dóigh le mórán daoine gur cabhair í daoine óga a choinneáil ó iompar a chuireann i mbaol iad má tá an ríomhaire teaghlaigh sa seomra suite. Deir foireann ó EU Kids Online gurb í an fhírinne áfach, gurb éasca do pháistí dul ar an idirlíon i dteach cara nó ar fhón cliste agus go bhfuil an chomhairle áirithe seo as dáta. Moltar do thuismitheoirí caint lena bpáistí faoina nósanna idirlín nó gníomhaíocht ar líne éigin a dhéanamh le chéile. .
Léigh leat 
NCTE: e-Links
Tá roinnt athruithe á ndéanamh ar e-Links arb é an pobal cleachtais ar líne é le haghaidh Múinteoirí Comhordúcháin TFC i meánscoileanna. Tá na nósanna imeachta logála ar na hathruithe seo. Ní fada go mbeidh ar gach ball clárú le haghaidh Cuntas Scoilnet. Is é an tairbhe atá ag gabháil leis seo ná go mbeidh teacht agat, mar úsáideoir, ar sheirbhísí eile de chuid Scoilnet, mar shampla Léarscáileanna, Ciclipéid Britannica agus tuilleadh nach iad.
Chun go bhféadfaidh tú an cuntas e-links atá agat faoi láthair a aistriú chuig Scoilnet ní mór duit::
Clárú le haghaidh Cuntas Scoilnet. Chuige seo téir chuig https://admin.scoilnet.ie/registration/ agus líon isteach an fhoirm.
Seol d’ainm úsáideora (ní gá an pasfhocal a sheoladh!) chuig elinks@ncte.ie faoi Dé Luain 31 Deireadh Fómhair.
Deimhneoimid leat go bhfuil d’ainm úsáideora le haghaidh do Chuntas nua Scoilnet faighte againn.
Aistreofar gach cuntas ina gCuntais Scoilnet i gcaitheamh briseadh lár-théarma an fhómhair.
NCTE: Féile Scannáin FÍS
Tá áthas orainn de bharr an líon mór scannán le haghaidh FÍS faighte againn i mbliana. Beidh an fhéile ar siúl ar an 16 Samhain san Helix i mBaile Átha Cliath. Tá na breithiúna ag féachaint ar na scannáin agus ní fada go bhfógróidh siad na scoileanna a bheidh ag teacht chuig an bhFéile Scannáin FÍS 2011 ar an 16 Samhain. Seo an aimsir cheart leis, chun a bheith ag cuimhneamh ar scannáin a dhéanamh. Tabhair cuairt ar www.fisfestival.com chun acmhainní agus smaointe a fháil. Ina theannta sin déan teagmháil le d’ionad oideachais féachaint an bhfuil aon chúrsa acu a oirfeadh duit.
NCTE: Teicneolaíocht
Cad is Amharcléiritheoir ann?
Is é is amharcléiritheoir, dá nglaoitear ‘ceamara doiciméid’ leis, ná ceamara atá feistithe ar sheastán atá nasctha le teilgeoir. Ar iliomad slí is cumasc ‘nua-aimseartha’ idir ceamara, micreascóip agus osteilgeoir é amharcléiritheoir. Is féidir doiciméid nó rudaí a chur faoin gceamara agus an t-íomhá a theilgean ar scáileán / chlár bán. Is fíormhaith an áis é chun rudaí trí-thoiseacha a thaispeáint nó chun leabhair, obair na bpáistí, grianghraif agus leathanaigh a roinnt.
Léigh leat 
NCTE: Pleanáil
Is féidir teimpléad an phlean r-Fhoghlama a chur in oiriúint de réir réimsí tosaíochta do scoile. Tá na teimpléid chun iniúchadh a dhéanamh ar an r-Fhoghlaim ceaptha chun gur féidir iad a oiriúnú de réir sainriachtanais do scoile.
Léigh leat 
Tuilleadh ón NCTE
Duaiseanna na nDamhán Alla Óga (Junior Spider Awards)
Tá mionsonraí maidir le Duaiseanna na nDamhán Alla Óga 2011 de chuid eircom fógraithe. Is í seo an 3ú bliain ina mbronntar na duaiseanna seo lena dtugtar aitheantas do dhaltaí bunscoile agus meánscoile as ucht go bhfuil ag éirí leo úsáid cheannródaíoch a bhaint as an idirlíon sa ngnáthshaol. Tugann an NCTE na duaiseanna seo i gcomhpháirtíocht le hEircom.
Léigh leat 
Seimineáir Ghréasáin do Pháistí Sárbhuacha
Tá tuilleadh seimineáir ghréasáin ar líne saor in aisce á bpleanáil fómhar seo ag Giftedkids.ie, an suíomh idirlín deonach a thacaíonn le páistí sárchumasacha fíor-thréitheacha. Beidh an sceideal ar fáil gan ró-mhoill. Arna thacú ag an NCTE.
Léigh leat 
Nuacht eile
#ccGlobal
Is iad Seomraí Ranga Nasctha an coincheap atá ag #ccGlobal. Cuireadh tús le #ccGlobal i mí Mheithimh 2011, tráth gur theastaigh ó mhúinteoirí ó Virginia i SAM agus ó Sydney na hAstráile scoileanna a nascadh i ngréasán ina mbeadh daltaí ó thíortha éagsúla ag obair ar thograí comhchosúla. Tá forbairt tagtha ar an gcoincheap faoin am seo sa mhéid go bhfuil scoileanna ón Ríocht Aontaithe agus ó Éirinn rannpháirteach sa ghréasán.
Léigh leat 
Tionscnamh Pobail Global eSchools
Seoladh an Tionscnamh Pobail Global eSchools (GESCI) sa Chéinia. Ba é Tascfhórsa na Náisiún Aontaithe um TFC arb í an eagraíocht neamhspleách idirnáisiúnta neamhrialtasach é a bhunaigh an tionscnamh. Cabhróidh sé le forbairt sochaí an eolais i dtíortha atá i mbéal forbartha trí comhairle straitéiseach agus tacaíocht theicniúil maidir le comhtháthú na TFC san Oideachas, Eolaíocht, Teicneolaíocht a chur ar fáil agus trí chórais Nuálaíochta.
Léigh leat 
Tuilleadh Nuachta
Bí cinnte go léifidh tú ár Nuacht Idirnáisiúnta, Nuacht faoi Chomórtaisí and Naisc Idirlín Áisiúla. Tá eolas ar fáil iontu ar an Dúshlán Mata LASCO, ar na ‘Future Creators’, an ‘Transit of Venus’, DOTS – TFC ar líne i dteangacha agus YouTube do Mhúinteoirí.
Cuir daoine eile ar an eolas faoin Nuachtlitir seo
An bhfuil aithne agat ar dhuine éigin a chuirfeadh suim sa Nuachtlitir r-phoist seo, b’fhéidir? Cén fáth nach seolfá ar aghaidh chuig cara é? Ní gá duit ach cliceáil ar an íomhá nó anseo>>
Cuimhnigh gur féidir leat clárú le haghaidh Fotha RSS an NCTE cuairt a thabhairt ar Nuacht ar líne an NCTE nó sinn a leanúint ar Twitter.
Eolas Fúinn
Is Gníomhaireacht de chuid Rialtas na hÉireann é an tIonad Náisiúnta don Teicneolaíocht san Oideachas a bunaíodh chun comhairle, tacaíocht agus faisnéis a chur ar fáil ar úsáid na teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (TFC) san oideachas
Léigh leat  |