Meán Fómhair 2011 |
Moltar brabhsálaí idirlín a úsáid chun breathnú ar an nuachtlitir
|
Fáilte chuig an chéad nuachtlitir r-phoist ón NCTE sa scoilbhliain nua.
Is é is cuspóir lenár nuachtlitir ná scéala agus eolas faoi TFC a chur ar fáil do Phríomhoidí, do mhúinteoirí comhordúcháin TFC, do mhúinteoirí agus dóibh siúd go léir a bhfuil baint acu le cúrsaí oideachais.

Suíomh idirlín an NCTE
Tá cruth nua curtha ar shuíomh idirlín an NCTE againn le linn an tsamhraidh. Seoladh é i ndiaidh an-chuid tástáil inúsáidteachta a bheith déanta air. Taispeántar an príomh-inneachar anois de réir na réimsí seo a leanas: Oiliúint; Teicneolaíocht; Pleanáil agus Dea-chleachtas.
Tabhair cuairt air 
NCTE: Forbairt Ghairmiúil Leanúnach
Oiliúint TFC Scoile Uile
Tugann an NCTE maoiniú d’ionaid oideachais d’fhonn teacht a chur ar fáil ar dheiseanna Forbartha Gairmiúla Leanúnaí a fhéadtar a chur in oiriúint do riachtanais foireann na scoile agus a fhéadtar a chur ar fáil i do scoil (líon íosta: 10 múinteoirí). Is é a d’fhéadfaí a sholáthar ná rud ar bith idir ghnáthchúrsa NCTE agus grúpa tacaíochta neamhfhoirmiúil. Nach mbeadh fonn ort a leithéid a bhreathnú agus d’iarratas a chur isteach go luath?
Léigh leat 
TFC & Mata – Cuid 2 (NCTE/Tionscadal Mata)
Cúrsa nua a bhaineann úsáid as TFC chun tacú le múineadh na Mata ag an leibhéal meánscoile. Eisíodh le déanaí é agus beidh sé ar fáil sa bhfómhar seo. Tacaíonn sé le múineadh na snáitheanna curaclaim faoi uimhreacha, ailgéabar agus feidhmeanna. Déan teagmháil leis an Ionad Oideachais i do cheantar chun cúrsa a reáchtáilfear in aice leat a aimsiú.
Léigh leat 
NCTE: e-Links
Tá an scoil tosaithe cheana féin agus is mar sin do na gníomhaíochtaí i e-Links, an pobal cleachtais le haghaidh Múinteoirí Comhordaithe TFC in iarbhunscoileanna ar fud na tíre. Tá na díospóireachtaí a bhí ar siúl anuraidh curtha i dtoll a chéile againn i ndoiciméad so-léite ar mhaithe leis na baill go léir. Ina theannta sin tá podchraoladh á chur le chéile againn ina ndéanfar plé ar shaincheisteanna a bhfuil eolas maith ag mórán Múinteoirí Comhordaithe TFC orthu. Má tá aithne agat ar Mhúinteoir Comhordaithe TFC nach bhfuil ina b(h)all d’e-links fós tabhair an Nuachtlitir seo dó nó di. Féadfaidh sé nó sí clárú le haghaidh e-Links ach an fhoirm seo a úsáid.
NCTE: Scoilnet
Teacht ón mBaile ar Chiclipéid Britannica ar fáil do mhúinteoirí
Más múinteoir tú cuimhigh go bhfuil teacht agat ar Chiclipéid Britannica ó bhaill lasmuigh den scoil (m. sh. ón mbaile). Ní gá duit ach logáil isteach.
Léigh leat 
Cuntais Scoilnet
Má tá Cuntas Scoilnet ag múinteoir féadfaidh sé nó sí teacht a fháil ar roinnt seirbhísí Scoilnet/NCTE lena n-áirítear Léarscáileanna Scoilnet (iarbhunscoil), ciclipéideanna ar líne agus oiliúint ar líne ón NCTE. Bí cinnte go gcláróidh tú inniu!
Cláraigh 
Dátaí agus Féilte i Mí Mheán Fómhair
Tá na naisc seo dírithe ar dhaltaí bunscoile agus iarbhunscoile araon. B’fhéidir go bhfuil baint ar leith acu le hOSSP, Reiligiún, Stair nó Tíreolas.
Léigh leat 
Cuimhnigh ar Scoilnet a leanúint ar Twitter!
NCTE: Teicneolaíocht
Tá comhtháthú bonneagar TFC ard-cháilíochta i bhfoghlaim agus i múineadh sna scoileanna á chur chun cinn ag an NCTE. Cuireann sé an chomhairle agus na tacaíochtaí is deireannaí maidir le TFC ar fáil i dtaobh iliomad ábhar a bhaineann le teicneolaíocht. Déanann an NCTE comhordú ar Chlár Leathanbhanda do Scoileanna leis, clár lena gcuirtear leathanbhanda, nascacht, scagadh inneachair, óstáil láithreáin Ghréasáin agus seirbhísí slándála ar fáil do gach bunscoil agus iarbhunscoil.
Tuilleadh eolais 
NCTE: Dea-chleachtas
Ar an suíomh athchóirithe tá ball ar leith déanta againn le haghaidh solaodaí físeáin de dhea-chleachtas ag an leibhéal bunscoile agus an leibhéal meánscoile araon. Bi cinnte go gcaithfidh tú súil ar na físeáin seo. Tugann siad smaointe maithe agus dea-chomhairle i dtaobh comhtháthú na TFC i bhfoghlaim agus i múineadh.
Tabhair cuairt air 
NCTE: Pleanáil
Conas atá ag éirí leis an bPlean r-Fhoghlama i do scoil? Tá roinnt acmhainní áisiúla ag an NCTE chun cabhrú le scoileanna a gcuid Pleananna r-fhoghlama a chur ar aghaidh, Lámhleabhar r-Fhoghlama agus Plean Oibre r-Fhoghlama an NCTE chomh maith le roinnt staidéar cáis san áireamh.
Léigh leat 
NCTE: Webwise - Sábháilteacht Idirlín
Webwise ar Facebook
Coinnigh bord ar bhord leis an eolas is deireannaí ar Shábháilteacht Idirlín agus na naisc ar leathanach Facebook Webwise.
Tabhair cuairt air 
Bí CRÍONNA AR AN IDIRLÍON - Bí WEBWISE
Rinneadh na ceithre cheacht faoi r-Shábháilteacht agus na hacmhainní a ghabhann leo do dhaltaí bunscoile agus a múinteoirí. Táid ceaptha le haghaidh a gcomhtháthaithe sa Chlár um Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte.
Leigh leat 
Tuilleadh ón NCTE
Duaiseanna na nDamhán Alla Óga (Junior Spider Awards)
Tá mionsonraí maidir le Duaiseanna na nDamhán Alla Óga 2011 de chuid eircom fógraithe. Is í seo an 3ú bliain ina mbronntar na duaiseanna seo lena dtugtar aitheantas do dhaltaí bunscoile agus meánscoile as ucht go bhfuil ag éirí leo úsáid cheannródaíoch a bhaint as an idirlíon sa ngnáthshaol. Tugann an NCTE na duaiseanna seo i gcomhpháirtíocht le hEircom.
Léigh leat
Comhdháil Oideachais JMB/AMCSS
Tugann an NCTE tacaíocht do chomhdháil JMB na bliana seo. Beidh sé ar siúl Dé Luain 19 Meán 2011 in Ionad Oideachais Marino. Is é téama na comhdhála ná “Deiseanna TFC do scoileanna: idir oideachas agus riarachán” ("ICT Possibilities for Schools: from education to administration"). Le linn na comhdhála seo tairgeofar ceardlanna faoi réimse leathan teicneolaíochtaí agus feidhmchlár a bhfuil baint acu le do scoil.
Léigh leat
Cúrsaí Scratch do Mhúinteoirí
Is féidir cúrsaí in úsáid Scratch, an teanga ríomhchláraithe físeach, a chur in áirithe anois. Déanann an NCTE maoiniú ar na cúrsaí seo agus cuirtear ar fáil iad ag LERO, ag an Ionad um Thaighde ar Innealtóireacht Bogearraí in Éirinn agus ag an CESI i gcomhar a chéile. Is iad go mór mór cleachtóirí múinteora a dhéanfaidh an teagascóireacht agus fáilteofar roimh mhúinteoirí bunscoile agus iarbhunscoile araon.
Léigh leat
Nuacht eile
Nuacht Idirnáisiúnta
Faigh eolas ar Chomhdháil na hEorpa – na hÁise, ar shuirbhé ar TFC i scoileanna na hEorpa, ar bhronntanas maidir le bheith “Ar ais ar scoil i 2011” ó Insafe, ar Web 2.0 i dteagasc – ceistneoir measúnaithe agus ar an Lipéad Cáilíochta Náisiúnta eTwinning agus ar cheardlann eTwinning.
Léigh leat 
Nuacht faoi chomórtaisí
Mionsonraí faoi SmartClass, Dámhachtainí Medea, Comórtas Ealaíne na Roinne Dlí agus Cirt agus Comhionannais, Corn Imagine de chuid Microsoft, U4energy, Xperimania, Lá Eorpach na dTeangacha, F1 i Scoileanna – an Dúshlán Teicneolaíochta, an comórtas aistriúcháin Juvenes Translatores,Taispeántas an Eolaí Óig agus Teicneolaíochta de chuid BT, Graduate.ie agus Poetry Aloud.
Léigh leat 
Naisc Idirlín áisiúla
Eolas faoi Bhaile Átha Cliath mar chathair na hEolaíochta 2012, alt faoi TFC a úsáid i MFL, faoi Thionscadal Google Shades, Coder Dojos do scoileanna agus Tairseach Eorpach na Scannán.
Léigh leat 
Cuir daoine eile ar an eolas faoin Nuachtlitir seo
An bhfuil aithne agat ar dhuine éigin a chuirfeadh suim sa Nuachtlitir r-phoist seo, b’fhéidir? Cén fáth nach seolfá ar aghaidh chuig cara é? Ní gá duit ach cliceáil ar an íomhá nó anseo>>
Cuimhnigh gur féidir leat clárú le haghaidh Fotha RSS an NCTE cuairt a thabhairt ar Nuacht ar líne an NCTE nó sinn a leanúint ar Twitter.
Eolas Fúinn
Is Gníomhaireacht de chuid Rialtas na hÉireann é an tIonad Náisiúnta don Teicneolaíocht san Oideachas a bunaíodh chun comhairle, tacaíocht agus faisnéis a chur ar fáil ar úsáid na teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (TFC) san oideachas
Léigh leat  |