Leagan Bearla link

Márta 2011

Fáilte chuig nuachtlitir r-phoist ón NCTE.

Is é is cuspóir lenár nuachtlitir ná scéala agus eolas faoin TFC a chur ar fáil do Phríomhoidí, do mhúinteoirí comhordúcháin TFC, do mhúinteoirí agus dóibh siúd go léir a bhfuil baint acu le cúrsaí oideachais.

Facebook Like Button Tweet Button

NCTE: Forbairt Ghairmiúil Leanúnach

Cúrsa Samhraidh Ar Líne

CPD imageD’éirigh go hiontach ar fad leis an gcúrsa ar líne saor in aisce de chuid an NCTE Developing e-Learning in your School (Primary) an samhradh seo caite. Dá bhrí sin cuirfear ar fáil arís é an samhradh seo chugainn agus cuirfear gné litearthachta leis an uair seo. Tá an cúrsa fíor-idrighníomhach seo a leanann ar feadh 20 uair an chloig bunaithe ar Lámhleabhar r-Fhoghlama an NCTE. Tá sé dírithe ar mhúinteoirí atá ag obair i scoileanna. Tá gá le taithí agus le scileanna TFC agus ar úsáid an idirlín mar aon le ceangal maith idirlín leathanbhanda. Is féidir clárú ó lár mhí Aibreáin ar aghaidh.

Tuilleadh Back to top

Cúrsaí Samhraidh i do Scoil nó i d’Ionad Oideachais

CPD imageMura dtaitníonn cúrsaí ar líne leat féadann tú freastal ar chúrsaí samhraidh faoi TFC a reáchtálfaidh an NCTE trí ghréasán na n-ionad oideachais áitiúil. I mbliana beimid ag díriú isteach ar an gcúrsa de chuid an NCTE Creating and Using ICT Resources for Literacy. Déan teagmháil leis an ionad oideachais i do cheantar chun sonraí a fháil. B’fhéidir go bhfuil iarratas déanta ag do scoil cheana féin ar chúrsa oiliúna scoile uile atá á mhaoiniú ag an NCTE? Reáchtáilfear an cúrsa Using the Interactive Whiteboard to Support Literacy de chuid an NCTE i 90 scoil ar fud na tíre do mhúinteoirí sna scoileanna sin. Tá na sonraí ar fáil i do scoil féin agus tá tuilleadh eolais ar fáil san ionad oideachas i do cheantar, chomh maith.

NCTE: FÍS – Scannánaíocht i Scoileanna

FIS image Is é is FÍS ann ná modheolaíocht a chuireann ar chumas múinteoirí agus páistí obair na scannánaíochta a spíonadh trí úsáid chomh bríoch agus is féidir a bhaint as fís dhigiteach. Is de bharr an phróisis, ní de bharr an táirge atá FÍS speisialta, idir chlár scéalta agus eagarthóireacht agus ar aghaidh chuig an léiriú deiridh. Nach bhfuil fonn ort tabhairt faoi inniu?

Tuilleadh Back to top

NCTE: e-Links

elinks imageReáchtáilfidh e-Links, is é sin, an pobal um chleachtas do Mhúinteoirí Comhordúcháin TFC iarbhunscoile, an cúrsa ar líne Developing e-Learning in your School (Post Primary) den gcéad uair thar na seachtainí amach romhainn. Tá an ceann atá ar siúl faoi láthair lán ach más comhordaitheoir TFC tú cláraigh le e-Links agus coinneofar ar an eolas tú faoi na cúrsaí a chuirfear ar siúl.

Tabhair cuairt ar e-Links Back to top

NCTE: Scoilnet

Scoilnet do Mhúinteoirí

scoilnet imageTá an treoir nua idirghníomhach seo don iliomad gnéithe a ghabhann le Scoilnet ceaptha do mhúinteoirí bunscoile agus iarbhunscoile. Tiocfaidh na múinteoirí ar shamplaí, ar fhíseáin shamplacha agus ar mholtaí i dtaobh úsáid a bhaint as Scoilnet sa seomra ranga.

Féach air Back to top

Toporopa

sow imageSuíomh idirlín é seo ar a bhfuil tráthanna na gceist / cluichí ar líne faoin Eoraip ar fáil a chuireann dúshlán fút. Tá an suíomh ar fáil as Gaeilge anois a bhuíochas le Scoilnet / NCTE. Tá sé ar fáil as Béarla, Fraincis, Gearmáinis, Spáinis agus as Ollanais, chomh maith. Tá sé oiriúnach do dhaltaí bunscoile sinsearacha agus do dhaltaí iarbhunscoile.

Léigh an léirmheas Back to top

Cuimhnigh ar Scoilnet a leanúint ar Twitter!twitter image

NCTE: Webwise - Sábháilteacht Idirlín

Aithne a chur ar dhaoine ar líne agus bualadh leo as líne

internet safety imageTá an cúram poiblí agus an cúram beartais is mó faoi shábháilteacht páistí ar an idirlíon ag díriú isteach ar an mbaol go bhféadfadh páistí aithne a chur ar dhaoine nua ar líne agus go mbainfí mí-úsáid as na páistí má bhuaileann siad leis na strainséirí sa bhfíorshaol.

Tuilleadh Back to top

Creachadóirí ar líne: An Miotas & An Fhírinne

social networking imageI bhformhór na gcásanna níl aon mhealltóireacht i gceist le mí-úsáid páistí ar líne agus bíonn fonn ar na híospartaigh taisteal roinnt uaireanta chun bualadh leis an duine a bhaineann mí-úsáid astu.

Tuilleadh Back to top

NCTE: Nuálaíocht a dhéanamh

wiki imageTá Vicithe thar a bheith áisiúil chun daltaí a spreagadh le tuilleadh suime a chur sa churaclam. Is minic a bhíonn siad taitneamhach agus baineann na daltaí spraoi as iad a úsáid. Ag an am céanna spreagann siad rannpháirtíocht, comhar agus idirghníomhaíocht.

An mbaineann tú úsáid as Vicithe? Inis dúinn le do thoil!

Tuilleadh Back to top

Tuilleadh Scéala

Na Scoileanna is fearr i 2011 – an teicneolaíocht á cur i ngníomh

world iconBhí an forlíonadh mórbhilleoige speisialta seo a raibh 16 leathanach ann faoi úsáid na teicneolaíochta sa seomra ranga ar fáil saor in aisce leis an Sunday Business Post ar an 13 Márta. Is féidir é a íoslódáil mar PDF anois.

Tuilleadh top arrow

Daonáireamh 2011 do Scoileanna

census icon Agus sinne ag druidim le daonáireamh 2011 forbraíodh sraitheanna d’ábhar acmhainne do scoileanna mar chabhair do mhúinteoirí agus do dhaltaí atá ag iarraidh tuilleadh a fhoghlaim faoin daonáireamh agus tuiscint a fháil ar an tionchar a imreoidh sé ar ár saol ó lá go chéile.

Tuilleadh top arrow

Lá Feasachta Náisiúnta um Oideachas do Dhaoine Tréitheacha agus Lá an AE um Dhaoine Éirimiúla

census icon Tá Dé Sathairn an 9 Aibreán 2011 fógraithe ag Uachtaránacht na hUngáire ar an AE mar chéad Lá an AE um Dhaoine Éirimiúla. Ina theannta sin beidh Lá Feasachta Náisiúnta um Oideachas do Dhaoine Tréitheacha againn anseo in Éirinn ar an 8 Aibreán. Is maith an deis í seo dúinne, agus fadhbanna na haimsire seo ag teannadh orainn, cuimhneamh ar thréithe ollmhóra ár n-óg agus ar a thábhacht agus atá sé na tréithe seo a chothú.

Tuilleadh top arrow

Tuilleadh Scéala

useful weblinks iconBí cinnte go bhféachfaidh tú ar ár Nuacht Idirnáisiúnta, Nuacht faoi Iomaíochtaí agus ar Naisc Idirlín áisiúla ar líne ina dtiocfaidh tú ar eolas faoi Fhoghlaim gan Teorainneacha, Comhdháil ICT san Oideachas 2011, Acmhainní TES, Duaiseanna na mBlaganna Éireannacha, Mission V, An Straitéis Náisiúnta Leanaí,  Siompóisiam um Fhoghlaim trí Chluichí agus tuilleadh nach iad!

 

Cuir daoine eile ar an eolas faoin Nuachtlitir seo

forward email An bhfuil aithne agat ar dhuine éigin a chuirfeadh suim sa Nuachtlitir r-phoist seo, b’fhéidir?

Cén fáth nach seolfá ar aghaidh chuig cara é? Ní gá duit ach cliceáil ar an íomhá nó anseo>>

Cuimhnigh gur féidir leat clárú le haghaidh Fotha RSS an NCTE. Tabhair cuairt ar Nuachtlitir ar líne an NCTE nó lean sinn ar Twitter.

Eolas Fúinn

qr codeIs Gníomhaireacht de chuid Rialtas na hÉireann é an tIonad Náisiúnta don Teicneolaíocht san Oideachas a bunaíodh chun comhairle, tacaíocht agus faisnéis a chur ar fáil ar úsáid na teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (TFC) san oideachas.

Tuilleadh Back to top