NCTE

Promoting and supporting the integration of ICT in education

TFC agus an Ghaeilge (NCTE/Gaeilge)

Overview

Cúrsaí Áitiúla ar Scileanna TFC don Seomra Ranga Gaeilge (i gcomhpháirt leis an SLSS)
Cuirfear cúrsa 5-oíche ar 'Scileanna TFC (ICT) don Seomra Ranga Gaeilge' ar fáil ar fud na tíre. Dearadh an cúrsa i gcomhpháirt leis an SLSS agus tá sé dírithe ar mhúinteoirí Gaeilge ar mhaith leo réimse leathan scileanna TFC a fhoghlaim a chabhródh leo sa seomra ranga Gaeilge. Reáchtálfar na cúrsaí sna hIonaid Oideachais agus bronnfar teastas NCTE/SLSS ar chríochnú an chúrsa.

Duration12.5 huaire
Skill LevelBasic
SectorPost-primary
Target AudienceTá an cúrsa seo, a dhear an NCTE i gcomhpháirt leis an STDL Gaeilge, á mhaoiniú ag an NCTE agus tá sé ar fáil saor in aisce do mhúinteoirí Gaeilge nó dóibh siúd a mhúineann trí mheán na Gaeilge.

Course Content

Tá cúig mhodúl san iomlán

Is cúrsa cúig-thráthnóna an cúrsa TFC agus an Ghaeilge a dearadh le tacú le múinteoirí Gaeilge agus le múinteoirí a mhúineann trí mheán na Gaeilge an TFC a chomhtháthú sa teagasc agus san fhoghlaim. Cuirtear béim faoi leith sa chúrsa ar chur chun cinn scileanna labhartha na scoláirí, ag aithint na n-athruithe sna scrúduithe Gaeilge faoi láthair, agus cuirtear béim freisin ar bhealaí leis an nGaeilge a dhéanamh níos ábharthaí agus níos suimiúla do scoláirí. Tá an cúrsa ar siúl le bliain anuas anois agus tá an t-aiseolas ó na múinteoirí a d’fhreastail air thar a bheith dearfach.

  1. Acmhainní ar líne
    Is an chéad mhodúl de na cúig mhodúl sa TFC agus an Ghaeilge é seo , agus cuirtear tús eolais ar fáil maidir le haimsiú agus le húsáid na n-uirlisí éagsúla ar líne agus maidir lena n-úsáidí san oideachas.  Freisin, tugtar forbhreathnú den raon acmhainní atá ar fáil sa Ghaeilge agus soláthraítear na bunscileanna riachtanacha i gcomhair na huirlisí seo a úsáid i gcomhthéacs oideachais, i dteannta shábháilteacht idirlín agus comaoineacha cóipchirt.
  2. Ag cruthú láithreoireacht le TFC
    Díreofar ar láithreoireacht a chruthú don seomra ranga Gaeilge.  San áireamh anseo, beidh bainistíocht comhad agus acmhainne chomh maith le láithreoireacht Powerpoint a fhorbairt chun go n-úsáidfear iad sa seomra ranga. Freisin sa mhodúl cuimseofar scileanna eagarthóireachta agus conas téacs, beochan, naisc, fuaim, físeáin, srl., a ionsá i láithreoireacht.
  3. Ag Úsáid na Meáin Digiteach
    I Modúl 3 tugtar tús eolais ar na Meáin Dhigiteacha i bhfoirm ceamaraí digiteacha, scanóirí, teileafóin le ceamaraí agus ar conas na huirlisí seo a úsáid i gcomhthéacs oideachais. Díreofar an modúl seo ar na sonraí seo a chur in eagar agus a ionsá i mbogearraí cosúil le Photostory, chun láithreoireacht tharraingteach agus fhaisnéiseach a thaitneoidh leis an múinteoir agus leis an dalta araon.
  4. Blagáil
    Tugtar tús eolais ar Bhlagáil i Modúl 4, lena dtugtar forbhreathnú ar bhlagáil san oideachas, lena n-áirítear úsáidí curaclaim agus samplaí de bhlaganna scoileanna na hÉireann.Freisin, cuirtear na scileanna riachtanacha ar fáil chun blag a chruthú (ag úsáid Bhlaganna Scoilnet), chun postáil chuig blag agus chun ábhar digiteach i bhformáidí eile (íomhánna, físeán, srl.) a chur le do bhlag.
  5. Podchraoladh
    Tugtar tús eolais ar Phodchraoladh  i Modúl 5, lena dtugtar forbhreathnú ar phodchraoladh i gcomhthéacs oideachais, le húsáidí féideartha curaclaim agus samplaí de phodchraoladh a rinneadh i scoileanna na hÉireann. Freisin, sa mhodúl seo, soláthraítear na scileanna riachtanacha i gcomhair podchraoltaí  a chruthú agus i gcomhair a bpodchraoltaí a uaslódáil ar bhlag scoile (ag úsáid Blaganna Scoilnet).

Moltar go hard na modúil seo a chomhlánú san ord thuasluaite oiread agus is féidir, mar d’fhéadfadh sé go mbeidh na scileanna agus téarmeolaíocht a cuimsíodh i modúl 1 agus 2 riachtanach le haghaidh mhodúil 3 agus 4 srl.

Má tá tuilleach eolais uait, téigh i dteagmháil le d'Ionad Oideachais áitiúil.

TFC agus an Ghaeilge Dátaí an chúrsa