NCTE

Promoting and supporting the integration of ICT in education

NCTE ICT sa Bhunscoil

Overview

Is é is aidhm don gcúrsa seo ná scileanna an mhúinteora a fhorbairt chun a chur ar a chumas/ar a cumas úsáid éifeachtach a bhaint as ICT (nó TFC - teicneolaíocht fáisnéise cumarsáide) i seomra ranga Gaelscoileanna nó scoileanna Gaeltachta. Foghlaimeoidh na múinteoirí conas mar a aimsítear acmhainní oiriúnacha ar líne trí mheán na Gaeilge agus conas mar a dhéantar acmhainní don mhúineadh agus don bhfoghlaim.

Duration7.5 hours
Skill LevelBasic
SectorPrimary
Target AudienceMúinteoirí i nGaelscoileanna / Scoileanna Gaeltachta nach bhfuil ach beagán eolais acu ar TFC (ICT) agus ar mhaith leo tuilleadh a fhoghlaim ar úsáid na TFC (ICT) chun tacú le múineadh agus foghlaim trí mheán na Gaeilge.
PrerequisitesMéid áirithe taithí ar tascanna bunúsacha TFC (ICT) a dhéanamh (comhaid a oscailt, a chur in eagar, a shábháil, a dhúnadh) agus ba mhaith an rud é dá mbeadh ar chumas an fhoghlaimeora brabhsálaí idirlín a úsáid.

Course Objectives

Cuirfear béim ar leith ar mhúineadh agus ar fhoghlaim. Is féidir na scileanna a fhoghlaimítear agus an t-ábhar a chlúdaítear sa chúrsa seo a úsáid ar chláir bhána idirghníomhacha, leis. Beidh ar chumas na rannpháirtithe:

  • Comhéadan Gaeilge a dhéanamh ar ríomhaire an tseomra ranga
  • Uirlisí atá ar fáil trí mheán na Gaeilge agus atá saor in aisce a úsáid (Tux paint agus Google san áireamh)
  • Bogearraí taispeána a úsáid chun acmhainn shimplí don seomra ranga a chruthú
  • Scéal digiteach a dhéanamh ina n-úsáidtear íomhánna, fuaim agus insint
  • Taifeadadh fuaime a úsáid mar uirlis sa seomra ranga
  • Vicí ranga/scoile a dhéanamh agus a úsáid

Course Content

Tá trí mhodúl sa chúrsa:

  • Modúl 1 – An Ríomhaire agus an Ghaeilge
  • Modúl 2 – Ag Cruthú Áiseanna le TFC (ICT)
  • Modúl 3 – Forbairt TFC (ICT) le Vicí

Cúrsa praiticiúil é seo. Déanfaidh na rannpháirtithe suíomhanna idirlín éagsúla a chíoradh a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh foghlama agus múinte i nGaelscoil agus i scoil Gaeltachta. Ina theannta sin beidh an cúrsa dírithe ar acmhainní TFC (ICT) a chruthú agus déanfaidh na rannpháirtithe acmhainn a mbeidh íomhánna, téacs agus fuaim ag gabháil léi agus roinnfidh siad é ar a víci féin. Déanfar é seo i modúl deiridh an chúrsa.
Baineann an cúrsa seo leis na míreanna seo a leanas den gCreat TFC de chuid an NCCA:

Réimse C: Ag cruthú, ag cur in iúl agus ag déanamh comhar
 
Réimse F: Eolas, scileanna agus coincheapanna bunúsacha
 
Réimse S: Tionchar sóisialta agus pearsanta TFC
 
Réimse T: Ag smaoineamh go criticiúil agus go cruthaitheach