![]() |
|
||||
| "Saothraím ag déanamh meala" |
Cothaíonn an suíomh seo malartuithe idir scoileanna, daltaí, múinteoirí, agus, idir daoine ar suim leo an t-oideachas agus iad siúd ar mian leo moltaí a dhéanamh do na foirne oidachais.
trí ghréasáin
a chothú idir scoileanna;
trí mhalartú
sonraí ar an ngréasán a chruthaíodh;
trí scileanna san
oideolaíocht agus sa múinteoireacht a aistríu;
trí ghníomhaíochtaí
i gcoitinne idir múinteoirí ar nós cruthú cúrsaí,
gléasanna oideolaíochtúla agus araile a chothú.Tá sé i gceist freisin úsáid a bhaint as na meáin chumarsáide leasaithe le haghaidh feabhas a chur ar na malartuithe idir daltaí. Trína chur faoi deara dhóibh ábhair éagsúla a phlé, spreagfar dá réir sin iad lena spéis sa bhfoghlaim a fhorbairt: is as seo a ghinfear "cultúr foghlama".
Tá sé d'aidhm aige seo freisin cleachtadh a thabhairt do na daltaí ar na sonraí atá ar fáil ar an IDIRLIONRA. Dá réir sin is é aidhm an mhúinteora cúnamh a thabhairt dóibh "cultúr fohglama" dáiríre a shealbhú chomh maith le cúnamh a thabhairt dóibh an t-eolas seo a shealbhú.
Tá sé d'aidhm aige thairis sin cúram a dhéanamh d'áiteanna scoite ionas gur féidir deireadh a chur le mothú na scoiteachta i gceantair tuaithe Eorgacha go leor.
Ar deireadh thiar, tá sé i gceist sonraí a sheoladh agus a ghlacadh chomh maith le meas ar an rud éagsúil a chothú, an rud anaithnid, an rud agus an duine éagsúil.
Tá sé i gceist teagmhálacha daoine aonair agus grúpai le daoine eile - strainséaraí - a chothú.
is mian linn bís
fionnachtana agus foghlama a chothú;
comhghuaillíocht
dháiríre a chothú idir daoine;
is mian linn an mothú
a chothú i measc na nEorpach go bhfuil cónaí orthu
san aít chéanna;
is mian linn gur cruthaitheoirí
a bheas inár gcuid gasúr agus ní hea tomhaltóirí;
ní náir
linn domhan níos cairdiúla a shamhlú agus is í
útóipe an domhain oscailte ár rogha.
![]() |
![]() |
![]() |
![]() |
![]() |